Skip to main content
TRIS - European Commission

Cad is rialachán teicniúil ann?

Tá feidhm ag Treoir (AE) 2015/1535 maidir le gach dréachtrialachán teicniúil. I measc na rialachán teicniúil tá:

  • sonraíochtaí teicniúla;
  • ceanglais eile;
  • rialacha maidir le seirbhísí; agus
  • rialacháin lena dtoirmisctear táirge a mhonarú, a allmhairiú, a mhargú nó a úsáid nó lena dtoirmisctear seirbhís nó bunaíocht a chur ar fáil nó a úsáid mar sholáthraí seirbhíse.

De réir bhrí na Treorach, baineann ‘táirge’ le haon táirge arna mhonarú go tionsclaíoch agus le haon táirge talmhaíochta, lena n-áirítear táirgí éisc.

Maidir le seirbhísí, níl feidhm ag an Treoir ach amháin maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise a shainmhínítear mar aon seirbhís a sholáthraítear ar luach saothair, go cianda, trí mheán leictreonach agus ar iarratas aonair ó fhaighteoir seirbhísí.

Is éard is ‘sonraíocht theicniúil’ ann sonraíocht atá i ndoiciméad ina leagtar síos saintréithe táirge amhail gné, lipéadú, pacáistiú, leibhéal cáilíochta, nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, etc. Cumhdaíonn an téarma seo modhanna agus próisis táirgthe freisin.

Cumhdaítear le ‘ceanglais eile’ ceanglais a fhorchuirtear ar tháirge chun cosaint a thabhairt, mar shampla, do thomhaltóirí nó don chomhshaol agus a dhéanann difear dá shaolré nuair a chuirtear ar an margadh é, amhail coinníollacha úsáide, athúsáide nó athchúrsála. Mar sin féin, ní mór do na coinníollacha sin tionchar suntasach a imirt ar chomhdhéanamh nó ar chineál an táirge nó ar an gcaoi a ndéantar é a mhargú.