Skip to main content
TRIS - European Commission

Aidhm Nós Imeachta 2015/1535

Bunaíodh an nós imeachta in 1983 trí Threoir 83/189/CEE ón gComhairle. Rinneadh an nós imeachta sin a chódú den chéad uair le Treoir 98/34/CE an 22 Meitheamh 1998 agus modhnaíodh é le Treoir 98/48/CE an 20 Iúil 1998, go príomha chun a fheidhm a leathnú chuig seirbhísí na Sochaí Faisnéise. Le déanaí, códaíodh an nós imeachta den dara huair le Treoir (AE) 2015/1535.

Le nós imeachta um fhógra a thabhairt 2015/1535 ceadaítear don Choimisiún agus do Bhallstáit an Aontais scrúdú a dhéanamh ar na rialacháin theicniúla atá beartaithe ag na Ballstáit a thabhairt isteach le haghaidh táirgí (tionsclaíocha, talmhaíochta agus iascaigh) agus le haghaidh sheirbhísí na Sochaí Faisnéise sula nglacfar iad. Is é is aidhm leis a áirithiú go mbeidh na téacsanna sin i gcomhréir le dlí an Aontais agus le prionsabail an Mhargaidh Inmheánaigh. Tá feidhm aige ar bhealach simplithe maidir le Ballstáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) a shínigh an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus maidir leis an Eilvéis agus an Tuirc.

Is iad a leanas príomhbhuntáistí an nós imeachta:

  • beifear in ann bacainní nua ar an margadh inmheánach a bhrath sula mbeidh aon éifeachtaí diúltacha acu
  • beifear in ann bearta cosantacha a bhrath
  • ceadú do na Ballstáit a fháil amach a mhéid a bhfuil na dréachtaí ar tugadh fógra fúthu ag luí le dlí an Aontais
  • idirphlé éifeachtach a cheadú idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus measúnú á dhéanamh ar na dréachtaí ar tugadh fógra fúthu
  • ceadú d’oibreoirí eacnamaíocha iad féin a chur in iúl.agus a gcuid gníomhaíochtaí a oiriúnú in am trátha do rialacháin theicniúla a bheidh ann amach anseo. Baineann oibreoirí eacnamaíocha úsáid fhorleathan as an gceart grinnscrúdaithe sin, rud a chuidíonn leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis náisiúnta aon bhacainní ar thrádáil a bhrath.
  • beifear in ann na riachtanais maidir le comhchuibhiú a shainaithint ar leibhéal an Aontais.